Canalblog
Editer l'article Suivre ce blog Administration + Créer mon blog
Publicité
Mouezh va bro: La voix de mon pays.
Mouezh va bro: La voix de mon pays.
2 février 2008

Amhrán na bhFiann

Eire

Seo dhibh a cháirde duan Óglaigh,
Cathréimeach briomhar ceolmhar,
Ár dtinte cnamh go buacach táid,
'S an spéir go min réaltogach
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
'S go tiúnmhar glé roimh thíocht do'n ló
Fa ciúnas chaomh na hoiche ar seol:
Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann

Curfá:
Sinne Fiánna Fáil
Atá fé gheall ag Éirinn,
Buidhean dár sluagh tar túinn do ráinig chughainn,
Fámhóidh bheith saor.
Sean-tír ár sinnsir feasta
Ní fhágfar fé'n tiorán ná fé'n tráil
Anocht a theigeamh sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil
Le guna sgréach fé lámhach na bpiléar
Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.

Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe,
Ba bhuachach ár sinsir romhainn,
Ag lámhach go tréan fé'n sár-bhrat séin
Tá thuas sa ghaoith go seolta
Ba dhúthchas riamh d'ár gcine cháidh
Gan iompáil siar ó imirt áir,
'Siubhal mar iad i gcoinnibh rámhad
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann

A bhuíon nách fann d'fhuil Ghaeil is Gall,
Sin breacadh lae na saoirse,
Ta sgéimhle 's sganradh i gcroídhthibh namhad,
Roimh ranngaibh laochra ár dtíre.
Ár dteinte is tréith gan spréach anois,
Sin luinne ghlé san spéir anoir,
'S an bíodhbha i raon na bpiléar agaibh:
Seo libh, canaídh Amhrán na bh Fiann.

Publicité
Commentaires
Mouezh va bro: La voix de mon pays.
Publicité
Publicité